Scéalta sióg agus comhartha báis. Sióga ag teacht ar dhaoine agus iad ag siúl amuigh sna cnoic, daoine ag cluinstin comhráite agus á bhfeiceáil, éadach dearg orthu agus iad ag damhsa.
Fear a chonaic fear eile ag tiomáint leoraí ach nuair a tháinig sé a fhad leis an leoraí, d’imigh an leoraí as radharc. Chonaic sé cónair ag dul síos taobh an tí, 3 mhí ina dhiaidh sin, bhí fear an tí sin sa chónair san áit céanna a chonacthas é.
Fear a chonaic fear ag dul isteach ar dhoras tí os a choinne amach ach nuair a chuaigh sé isteach, ní raibh sé ann.
Solas a feiceadh síos ó teach Mháire í féin, tamall ina dhiaidh sin, fuair leanbh bás sa teach.
Comhartha báis a fuair máthair an fear sa leoraí a fuair bás, an oíche sula bhfuair sé bás, chuala sí ceol galánta ag dul thart fan teach, shíl sí gur cúpla cailín a bhí ag teacht isteach. Lá arna mhárach fuair sí scéala go raibh a mac marbh. | 00:04:43 | |